Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 010
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tá cnoc inaice le Béal-an-Dá-Cab i ndeisceart Corcaighe agus céad blian ó shoin nó mar sin, do chómhnuig fear bocht i mbotháinín inaice carraige ar thaobh an chnuic.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Éirinn. Nuair a bheadh san aige féin, go mbeadh a bheannacht acu, agus gach blúire dá shaibhreas
Annsan d'aontuigheadh go gcuirfí teachtaire go h-Éirinn, féuchaint an raibh an Tighearna Mt Kid ann indáiríribh, nó cad é an saghas é. Cara don fhear óg a b'eadh an teachtaire "macánta" do toghadh, agus d'innis sé do an fhirinne i dtaobh a athar. "Agus" ar seisean "má tugann tú deagh sgéal abhaile annso leat ní deanfar aon díogbháil d'aoinne agus deanfaidh mise fear saidhbhir díot"
"Leig dom-sa é" arsan teachtaire macánta agus nuair do socruigheadh an sgéal mar sin, chuaidh sé go h-Éirinn agus go Béál-an-Dá-Cab; agus go déidéanach tráthnóna amháin, chuaidh sé amac go "Mount Kid" i gcárr clíathánach, buidéal fuisgí 'na phóca aige, agus roinnt airgid leis don sean-thighearna ón a mhac thall in America.
Nuair a bhí sé ag siubhal aníos cun an bhotháin bhí an ghealach ag eirighe agus leis an solus san chonnaic sé na gabhair go léir ar bhárr na carraige, agus na h-adharca in-áirde acu, agus iad ag féucaint mar gárda fá airm, ar an mbothán. Ní fheacha sé riamh radharch mar é, agus d'fhan sé ibhfad ag féuchaint Bhí leath-eagla air leis dul níos fuide.
Pé sgéal é, chuaidh sé isteach, sa deire, sa bhothán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí