Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 011
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tá cnoc inaice le Béal-an-Dá-Cab i ndeisceart Corcaighe agus céad blian ó shoin nó mar sin, do chómhnuig fear bocht i mbotháinín inaice carraige ar thaobh an chnuic.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí an sean-duine istig ag ithe a shúipéir, é 'na shuidhe ar an úrlár ós cómhar teineadh bhreagh mhóna, é ag ithe prátaí as sgitheóg a bhí ar an úrlar inaice leis, crúisgín de bhainne gabhar taobh leis, agus, i bhfó-cupán 'na láimh bainne agus salann. Sé an solus a bhí aige ná sgiotacán guimhaise [?] Chuir sé fáilte roimh an strannsaer. Bhí áthas air nuair fuair sé sgéala ón a mhac in America agus nuair a fuair sé an fuisgí agus go mór mór nuair a fuair sé an t-airgead.
Tar éis tamaillín agus nuair a bhí braon ólta acu agus mar sin de, d'imthig an fear iasachta abaile go h-America leis féin.
"Bhuel", arsan duine uasal thall "An bhfacha tú an Tíghearna Mt Kid?
"Chonnach, Thugas-sa cuairt ar a thig, agus bhí gárda cómh mór san, mór thímcheall an tighe, agus iad ag feuchaint cómh neamh-spleádhach, cómh ceann dána san, go raibh leath-eagla orm dul isteach in aon chor. Bheul, ní féidir liom a mhíniú i gceart duit an uaisleacht agus an neamh-spleadhachas a bhí ag baint leis an áit, Acht deirim-sa an méid seo. - an coinnleóir amháin a bhí in usáid aige ag an dinnéar, ní thabharfadh sé duit é, ar a bhfuil agat sa domhan".
"Ó, deanfaidh san, deanfaidh san" arsan duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Fuinseann, Co. Chorcaí