Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 017](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0282%2FCBES_0282_017.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 017
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 017
- XML “Scéal mar gheall ar Conas a Fuair Fionn Mac Cumhaill a Ainm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)téighir sé go dtí an áit, agus tabhair an leanbh san abhaile leat agus dein-se é do chorú annso sa choill, mar is liom-sa é.
Do dhein an máthair mar a dubhradh léi, agus fuair sé an leanbh, acht ní gan duadh do fuair sí é, agus thug sí abhaile léi é (leanbh mic a bhí ann). Nuair a bhí sé ag fás d'imirigheadh sí gac cluice leis agus bhí sé go h-ana aiclishe[?] ar fad. Do mhúin sí gach rud dó i dtreó go mbeadh sé cómh maith le h-aon fhear len a linn.
Nuair a bhí an buachaill tímcheall sé bliadhna déag d'aois nó mar sin, chuir an rí fógra amach go mbeadh barra-comórtas ann, am áirithe, cun go dtoghfaí fuireann des na h-imirtheóirí a b'fearr a bhí in Éirinn.
Dubhairt an t-sean bhean go gcaithfeadh an laid dul go dtí an comórtas i dtreó go gcuirfeadh a shean athair an rí ainm air. "Caithfidh do shean athair tú do bhaisteadh" ar sise "Agus a laogh agus a mhúirnín, beidh tú níos fearr ná éinne eile sa pháirc, agus caithfidh sé speic do chur ort. Imir an laithróid, nuair a bheidh seans agat, agus annsan ná leig uait é go h-aoinne eile. Agus dein do dhíceall. Annsan déarfaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamas Mac Coitir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Beanntraí, Co. Chorcaí