School: Barrlinn
- Location:
- Inchinarihen, Co. Cork
- Teacher: Máire Ní Chruadhlaoich
![The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 017](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0282%2FCBES_0282_017.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 017
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)téighir sé go dtí an áit, agus tabhair an leanbh san abhaile leat agus dein-se é do chorú annso sa choill, mar is liom-sa é.
Do dhein an máthair mar a dubhradh léi, agus fuair sé an leanbh, acht ní gan duadh do fuair sí é, agus thug sí abhaile léi é (leanbh mic a bhí ann). Nuair a bhí sé ag fás d'imirigheadh sí gac cluice leis agus bhí sé go h-ana aiclishe[?] ar fad. Do mhúin sí gach rud dó i dtreó go mbeadh sé cómh maith le h-aon fhear len a linn.
Nuair a bhí an buachaill tímcheall sé bliadhna déag d'aois nó mar sin, chuir an rí fógra amach go mbeadh barra-comórtas ann, am áirithe, cun go dtoghfaí fuireann des na h-imirtheóirí a b'fearr a bhí in Éirinn.
Dubhairt an t-sean bhean go gcaithfeadh an laid dul go dtí an comórtas i dtreó go gcuirfeadh a shean athair an rí ainm air. "Caithfidh do shean athair tú do bhaisteadh" ar sise "Agus a laogh agus a mhúirnín, beidh tú níos fearr ná éinne eile sa pháirc, agus caithfidh sé speic do chur ort. Imir an laithróid, nuair a bheidh seans agat, agus annsan ná leig uait é go h-aoinne eile. Agus dein do dhíceall. Annsan déarfaidh(continues on next page)- Informant
- Séamas Mac Coitir
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Bantry, Co. Cork