Scoil: Barrlinn
- Suíomh:
- Inse an Airchinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire Ní Chruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrlinn
- XML Leathanach 085
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá carraigh an Aifrinn suidhte i nDoirenafíncin.”
Fuaireas an t-eólas seo leanas ó m'áthair Séamus Ó Cróinín, Bárlinn agus ó sean daoine na h-áite seo. Tá carraigh an Aifrinn suidhte i nDoirenafincin. Carraig mór iseadh í, agus tá naoi ngoláin mór thimceall uirthi i bhfuirm chearcail, agus tá poll in aon chloc amháin i gcóir uisge beannuighthe.
Léightí Aifreann ann in aimsear na bpéin dlíghthe. Do bhailigheadh na daoine ann cun Aifrean d'éisteacht. Bhíodh cúpla fear amuigh ag faire le h-eagla go dtiochfadh na saighdiúirí, agus dá dtiochfhadh bhíod ar an sagairt rith. Ní raibh aon bóthar i mBárlinn an t-am sin, gleann úaighneach do b'eadh é.
Deir na sean daoine nár cheart chloca mar sin do chur as a áit. Tá bóthar ag dul tríd an chearcail anois, agus núair do deineadh an bóthar do leigeadh cloc acu ar an taobh don bóthar.
Bí ógánac san áit agus chuir sé an cloc san thall go dtí an taobh eile. Deir na sean-daoine gur mí-ádhmharach an rud do dhein sé. Pé sgéal sé fúar sé bás tamall in a dhíad sin.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Cróinín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cróinín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann