Scoil: Drom Mór (B.), Beantraí (uimhir rolla 13095)

Suíomh:
An Drom Mór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0294, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0294, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Drom Mór (B.), Beantraí
  2. XML Leathanach 007
  3. XML “Cúl Cath (Drom Mór) - Scéal Stairiúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar thaobh an chnuic ceudna, timcheall ceathramhadh mhíle siar ó Mháthair Uí Cheallaigh tá áit in a tugtar Cúl Cath mar ainm air. Troid mór a bhí san áit roinnt blianta ó shoin. Do chuaidh muintir Uí Donnabháin go baile Caisleán Béara, lá. Ag goid bó a chuadar ann, agus d'éirigh leo na ba a ghoideadh. Thiománadar na ba rómpa, agus do lean Domhnal Cam agus a lucht leanamhna iad.
    Do thángadar suas le muintir Uí Donnabháin in aice na h-áite seo, agus do bhí cath mór, fuilteach, eatorra. Deirtear gur bhuaidh muintir Dhomhnaill Cam ortha, agus gur thógadar na ba uatha.
    Ó'n lá san go dtí indiu, tugtar Cúl Cath mar ainm ar an áit.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. cumainn rúnda (~18)
          1. Buachaillí Bána (~74)
    Teanga
    Gaeilge