Scoil: Cill na dTor, Dún Mánmhaí (uimhir rolla 16254)
- Suíomh:
- Cill na dTor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deir mo shean-athair nuair a bhí sé féin i na fhear óg gur chasadh na púcaí air oidhche éigin. Oidhche dubh, dhorcha sgamallac gan aon réalt sa spéir a b'eadh í, is do b'éigin dó dul ar aistir fhada. Sar ar thosnuig sé cun bóthair dubhairt a mháthair leis buidélín uisge coisreacain do thabhairt leis i na phóca. Ghlac sé a cómhairle.
Ní raibh mórán de'n bhóthar curtha de aige nuair do chualaidh sé an fothrom go léir ag teacht i ngiorracht dó. Do stad sé. D'fheuch sé i na thimcheall ach ní fhaca sé aon rud. Chuir sé cun siubhail arís ach ní fhéadfadh sé a chosa do chorruighe bhíodar greamuighthe de'n dtalamh. Annsan ba é an tam a chualaid sé an fothrom i gceart. Ba chuma é agus saithe beacha a bhéadh taréís éirighthe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Bhroin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard Ceachan, Co. Chorcaí