Scoil: Cill na dTor, Dún Mánmhaí (uimhir rolla 16254)
- Suíomh:
- Cill na dTor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maith a chuimhnigham ar aon sgeul amháin a innis sí dom. Ceapaim dá mhairinnn go deó go gcuimhneóchainn air.
Dubhairt sí go raibh sí aon oidhche amháin i dtig a h-uncal agus bhí sé a dhó dhéag a chlog sar ar thosnuig sí ar theacht abhaile. Bhí a thig timceall trí mhíle ó na tig agus bhí uirthi siubhal agus ní raibh aoinnne i n-aoinfeacht leí. Ní raibh aon rothar ann an uair sin. Ní raibh aon sgrannradh uithi agus níor cheap sí ar na taidhbisíbh i n-aon chor. Bhí sí ag siubhal tamaillín agus cheap sí gur airig sí duine éigin ag gol i na diaidh. D'fheuch sí 'na timcheall ach ní raibh aoinne ann. Níor chuir sí aon tsuim ann ach d'airig sí an gol ós árd arís agus cheap sí go raibh sé ós a comhair. Do lean sé mar sin agus cheap sí ná sroisfeadh sí a baile go deó. Bhí a cuid gruaig i na seasamh ar a ceann leis an sgrannradh. Do leanadh an ghol í go dtí go dtáinig sí go dtí doras a tighe. Annsan d'imthig sé.
Chuaidh sí isteach agus chuaidh sí sa leabaidh chómh mear agus a bfhéidir leí. Ní dubhairt sí focal le h-aoinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlin Nic Oitir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na dTor, Co. Chorcaí