Scoil: Cill Bhriotáin (C.) (uimhir rolla 11728)

Suíomh:
Cill Briotáin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 330

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0313, Leathanach 330

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bhriotáin (C.)
  2. XML Leathanach 330
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Pósadh fear agus bean óg dathamhail.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    a dubhradh leis agus ní raibh sé acht ullamh nuair do chuala sé torann na gcapall. Chuadar thart agus ní dubhairt sé faic leo. Go grod 'na ndiaidh tháinig an marchsluagh eile. Leig sé dóibh imtheacht 'na nduine agus 'na nduine go dtáinig an dara capall ó'n deire. Annsan ós a chomhair do bhí a bhean féin. Léim sé chúici. Rug sé uirthe, agus sgiob de mhuin an chapaill í. "Stadaidh"! arsa fear an chapaill. Do stad siad go léir. "Goidé 'tá ort", arsa siad leis. "Fear a sgiob mo bhean uaim" ar seisean. "Agus nách mó an t-éileamh atá aige uirthi ná mar atá agat-sa!", d'freagair siad. D'imthigh siad leo ar cos ináirde agus an marcach aonrach ar a gcúl.
    Chuaidh an fear agus a bhean abhaile. Do bhí an márlach imthighthe. Do mhair siad go sona le chéile agus thógadar clann mhór.
    Curly Deasy, Kilcolman, Desert, Ballineen, a d'innis an sgéal seo do Mícheál OSíothcháin agus do bhí aithne ag Curly ar an bhfear atá i gceist sa scéal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Síothcháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na hEorna, Co. Chorcaí