Scoil: Cill Bhriotáin (C.) (uimhir rolla 11728)
- Suíomh:
- Cill Briotáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriotáin (C.)
- XML Leathanach 340
- XML (gan teideal)
- XML “Aimsir an Ghorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Chun na clainn eagsamhla a d'aithin ón a chéile thugaidís ainmneaca ortha mar:-”
(ar lean ón leathanach roimhe)Brien Crón
Brien Thar (thear ?)
Sexton liath
Murphy reamhair
Murphy Bolcam
Murphy Mhéirín- Thagadh bean déirce ó am go h-am ag bailiú déirce. D'fhanadh sí ar feadh seachmhaine agus d'imthigheadh sí airís; Máire Buidhe an ainm a tugadh uirthi. Pósadh í agus do chur sí fúithe 'san dúthaigh seo. Tháinig an gorta, agus do fuair a fear bás; ní raibh éinne aici chun é d'adhlachadh agus bhí an corp ansan ar an leabhaidh ar feadh seachtmhaine. Do théigheadh sí féín amach gach lá ar lorg bidh.Fear eile go raibh clann aige, abhí in a chomhnuidhe inaice le athair Mhichíl Uí Síothcháin; Nior fhéad sé an cíos d'íoch agus d'iarr sé cead air dul chun comhnuidhthe leis agus go n-íocfadh sé leath a chiosa dhó. D'aontuig athair Mhicíl leis sin. Ní raibh sa tig ach aon seomra amháin. Nuair a tháinig an gorta fuair buachaill ann bás agus bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)