Scoil: Cill Bhriotáin (C.) (uimhir rolla 11728)
- Suíomh:
- Cill Briotáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bhriotáin (C.)
- XML Leathanach 333
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó, agus thagadh sí gach maidin go dtí tigh comhairsain ag déanamh ime. Ní raibh aon clog aici, ní bhíodh aon fhios aici cad é an t-am é. Maidin amháin bhí an ré ins an spéir, agus bhí sé geal, agus cheap sí go raibh an maidin aici. Thóg sí crúiscín uisge léi, chun an im do níghe. Nuair a bhí sí ag dul, chonnaic sí fear. D'iarr sé cupan uisge uirthi. Thug sí an crúiscín dho, nuair a bhí sé ag cuir an crúiscín thar nais in a laimh, chonnaic sí gur sgáth a bhí ann Nuair a tháinig sí go dtí an tigh, cad é an t-am a bhí ann ach a dhó a chlog ar maidin. Bhí aithne aici ar an bhfear a casadh uirthi, marbhuigheadh é i dtroid in aice na h-aite. D'iarr sí ar an sagart Aifreann do rádh ar son a anama.
- Bailitheoir
- Máire Ní Cruadlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chorcaí
- Bhí triúr buachaillí ann fadó, agus bhí siad an-spórtamhail. Oidhche amháin bhí fear óg marbh, agus chuaidh siad go dtí an tórramh. Chuaidh gach duine amach as an seomra, acht amhain an triúr. Ceap siad cleas d'imirt ar na daoine. Cheangail siad píosa córda le méir an fhir mhairbh. An lá in a dhiaidh sin bhí sluagh daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)