Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)
- Suíomh:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
- XML Leathanach 013
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean i mBaile Mhúirne fadó gur b’ainim di Neillí Ní Mhurcadha agus file do b’eadh í. Do bhí sí i dtigh feirmeóra lá agus bhíodar ag ithe a ndinnéir. Do bhí fear oibre ann go dtugaidís Tomás Braidlí air. Bhí Braidlí ag priocadh ar Neillí mar gheall ar na bhéarsaí a bhíodh aici á ndeanamh agus d'árduigh sé Neillí i gcuma gur iompuigh sí isteach go dtí an falla agus dubhairt sí
“Aoir agus athchuinge iarrfainn
Ar an bhfranncac i liatha dhuibh,
Bróga Braidlí d'fiadhachaigh agus
iad a chogaint mar biadh go mion.
Tá jicéidín de’n flainnín beag liath air
Nár tarruigheadh riamh tríd ár sruth
Agus bíodh giobail bhúr ndiaidh go tiugh- Bailitheoir
- Michéal Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leac Fhínín, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Nell Bean Uí Cheallacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leac Fhínín, Co. Chorcaí