Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)
- Suíomh:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
- XML Leathanach 064
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear i bpríosún. Bhí duine aca ó Bhaile-Mhúirne agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag guidhe cun Naomh Gobnait agus deareadh sé.
"A Gobnait mhúinte ó Bhaile-Mhúirne tóg as an bpríosún mé."
D'freagradh an fear eile é mar seo
"Beidh sí id chúram.
Níor stop an fear ó Bhaile-Mhúirne dá phaidreóracht agus oidhche amháin tháinig Gobnait Naomhtha agus d'oscail sí geata an príosúin agus leig sí amac an fear Naomhtha. Nuair a chonnaic an fear eile cad a bhí deanta aice chaith sé é féin ar a glúinibh is do thosnuig sé ar urnaighe agus deireadh sé an rud ceadna is a deireadh an fear eile ach d'freagradh Naomh Gobnait é le. "Beidh mé id chúram." Is ansan a chonnaic sé an díobháil a bhí deanta aige do féin. Ní raibh an bóthar mór deanta in-aon-cor an uair sin agus nuair a leigeadh amac as an príosún an fear sin tháinig sé an seana-bóthar agus nuair a shrois sé Beal an Ghearrta tháinig sé ar a glúinibh is do siubhal sé ortha ansan go dtí an seana teampall mar pionós ar an bpeaca a dhein sé.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Ceallacáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leac Fhínín, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Corcora
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tonn Láin, Co. Chorcaí