Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)

Suíomh:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ann fadó agus do fuair a athair bás do chuaidh sé go dtí an sráid a d'iarraidh fuisgí i gcóir an tóraimh, do thug sé oct ngalún leis, an méid a bhí ag fear an tábhairne, bhí an fuisgí aige istigh i gcrúiscín.
    Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do casadh cómharsa air ar an mbóthar agus chapall agus trucaill agus dhá crúiscín aige.
    D'fhiafraigh an cead fear de cá raibh sé ag dul.
    Dubhairt sé leis "do chailleadh m'athair aréir agus táim ag dul ag iarraidh fuisgí i gcóir an tóraimh."
    "Ná téighir a thuille arsan cead fear mar níl a thuille fuisgí sa tigh tábhairne" ní raibh ach aon tigh tábhairne amháin sa t-sráid.
    "Is olc an sgeal é sin arsan tarna fear, cad a dheanfar anois," do thabharfainn leath de'n mhéid atá agam duit dá bfeadfaimíd é thómhas sa cheart," arsan cead fhear.
    "Feadfaimd go breagh", arsan tarna fear, "agus go raibh míle maith agat."
    Do bhí crúiscín trí galún agus crúiscín cúig galún folamh sa trucaill.
    "Conus feadfaimíd é deanamh", arsan cead fear, "líonfaimíd an crúiscín trí galún, caithimíd isteach sa crúiscín cúig galún é. Líonfaimíd an crúiscín trí galún agus as san líonfaimíd an crúiscín cúig galún agus beidh galún fághtha sa crúiscín trí galún. Caithfimíd isteach an crúiscín cúig galún san crúiscín oct ngalún.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Mhuimhneacáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muimhneacáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí