Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 033](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_033.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 033
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirmeoir i dTuath na Droman fadó. Bhí sé féin is a bhuachaill a' dul go dtí an t-aonach le tarbh. D'éirigheadar i ndeire na h-oidhche. Chuaidh an buachaill amach agus d'fhéach sé tímpal air. Do tháinig sé isteach agus dubhairt go raibh an chráin tareis beirthe.
"Cá bhfuil na banbhaí" a dubhairt an máighistir.
"Níl aon bhanbh ann" a dubhairt an buachaill. "Is dócha gur dh'íth na mucha eile íad."
"Téighir amach arís" arsan máighstir "féach an bhfeicfeá aon rud eile."
Do chuaidh agus d'fhill sé isteach
"Do leag an tarbh cruach na tuighe" ar seisean.
"Tá filíocht agat" arsan máighistir
"Níl" arsan buachaill "na ní raibh riamh.
"Is beag ná go bhfuil bhéarsa déanta agat" arsan máighistir "Ní mó duit dul amach arís agus féach cad eile a chífir.
Cuaidh sé amach arís agus d'fhill isteach.
"Ní fhaca pioc" ar seisean "ach fuacht agus siuc. Tá na réilthíní ar dearg-lasadh ná feiceann tú tóin an chait leis an dteine.
"Tá bhéarsa déanta agat" arsan máighistir is do labhair mar seo:-
"D'ith na tuirc na h-airc
Do leag an damh an tuighe,
Na réilthíní a' cur sheacha,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Ríordáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom an Gharraí, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Inse Ó Suibhne, Co. Chorcaí