Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (uimhir rolla 14107)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Luineacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa t-sean-aimsir ní raibh i gCiarraidhe acht dhá bhóthar. Ceann aca ag rith tré Ráth Mhór agus Cill Áirne agus an ceann eile idir Corcaigh agus Oileán Ciarraidhe. Ceann des na bóithre sin do bheadh Sean Ród na Ráithe Móra.Is tríd an Ród san a bhíodh an Carráist ag gabháil leis na litreachaibh. Ní foláir go bhfuil an bóthar aosta mar tá rian na sean-aimsire annso agus annsúd ann.In áit amháin tá comhartha sean-thighe le feiscint. Deirtear gurbh ann a deintí na capaill d'athrú nuair a bhíodh cóisire ag gábháil ó Thráighlí go Corcaigh. Is mó rud greannmar do thárla ins an áit gceudna agus níorbh annamh a doirtfidhe fuil ann. B'ann a deineadh an crochadh deireannach in aimsir na mBuachaillí mBán. Bhí fear darbh anim Bréreton ag tiomáint (?) charáise. Thug muintear na Ráithe Móire fogha fhé'n bhfear san. Oídhche amháin do tháinig na Buachaillí Bána go léir le chéile agus dheineadar iarracht ar na litreacha do thógaint acht do theip ortha. Taréis tamaillín dheineadar iarracht eile. Rugadar ar Bhréreton ar an áit in a bhfuil Scoil na mBuachaillí tóghtha anois. Marbhuigheadh an capall agus cuireadh Bréreton(leanann ar an chéad leathanach eile)