Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (uimhir rolla 14107)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Luineacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.)
- XML Leathanach 085
- XML “Ag Aireachtaint Clog an Aifrinn duit”
- XML “Conas Láthair Tí do Thógaint”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag aireachtaint clog an Aifrinn duit abairÓ a Thigearna
Bog mo chos go bog chun Aifrinn
Bog mo bhéul chun na bréithre beannuighthe
Is díbir uaim na gníomharta malluithe
Do tháinig an paidir sin aníos chughainn ó aimsir Naoimh Padraig agus tá sé go láidir fós i gCiarraidhe. - Fadó nuair a bheidís chun láthair tighe nuadh do thoghadh bhídís ana chúramach ar fad. Gheobhaidís punann agus chuiridís tré teine é agus bhíodh duine éigin ar siúbhal treasna na paírce agus an punann aige, agus nuair a bhíodh an punann dóighte do thuiteadh faisge an punann ar an dtalamh. Sin é an áit a thoghaidís chun tighe nuadh do thógaint.