Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)

Suíomh:
Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dáithí Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 327

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Leathanach 327
  3. XML “Caisleán Bhaile Átha hÚlla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ag bún an tsráid-bhaile tá caisleán Baile-Atha-Úbhla suidhte. Do tógadh é san dómhadh aois déag. Tá sé suidhte archarraig mhór ós chionn na hAbhann Móire. Clann gurbh ainm dóibh Róistig a thóg é. Do glachadar seilbh na h-áite ó mhuinntear Úi Chaoimh.
    Caisleán an-dheas iseadh é, agus tá sé nóchadh troighthe ar aoirde. Tá na fuinneóga an-árd agus caol i dtreó is na raghadh na naimhde isteac. Tá staighre mór déanta de leachaibh, agus doras mór déanta d'iarrann ag dul isteach ann. Tá an staighre ag dul go dtí a bharr. Tá seómra mór ann in a léightí Aifreann fadó. Tá radharc breágh de'n áit mór thímcheall ó bharr an chaisleán.
    Nuair a tháinig na Róistig ar dtúis Franncís a bhíodh gha labhairt in na seomraí ach tar éis tamaill Gaedhlinn a bhíodh dá labhairt aca. Is minic a bhí amhrán Gaedhlinne ghá gcana aca ins na seomraí.
    Nuair a tháinig Cromaill do leag sé cuid de's na fallaí. Sar ar leagadar na fallaí thíomanadar amach na Róistigh agus thug Cromaill an áit agus an caisleán don a shaighdiuirí. Thamaill in a dhiaidh sin do cheannaigh "Tighearna Leara Tuathail" an áit agus an caisleán. Annsan fuair sé a chuid fear chun an chaisleáin do shocrú áiris.
    Timcheall trí cead slat o'n caisleán bhí oileán san abhann fadó. Níl ach rian de'n oileán le feiscint ann anois. Tugtar "Oilean Móire" ar an áit anois. Deirtear gur bághadh cailín dar b'ainm dí Móire De Roiste ann, agus is minic a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge