Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)

Suíomh:
Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dáithí Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 338

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 338

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Leathanach 338
  3. XML “Piseoga”
  4. XML “Piseoga - Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Sgeúl eile - Fadó do bhí bean in a cómhnaidhe i dtig agus do bhí fear oibre ag obair aice. Bhiodh an fear in a choladh i gcuinne na cistineac. Maidin Bealtaine do chuaidh an bean isteac i dtobán a bhí i gcuinne na cistneac. Dubhairt sí focail airithe agus do dhein sí girrfiad dhi féín. Nuair do bhí an bhean imtighthe do dhein an fear an rud ceadna agus do deineadh girrfiadh dhe. Do chuaidh an bhean ag deanamh a gnó. Nuair a bhí na piseóga deanta aice do tháinigh sí thar nais agus do dhein sí bean dí féin airís. Ní raibh fhios ag an buachaill cad íad na focail bá cheart dó a radh cun “fear” do dheanamh de féin airís. Biéígin dó fuirrach amuigh ins na páirceanna go ceann bliadhna. Tháinigh maidin Bealtaine áiris, chuaid sé go dtí an tigh, d’éistigh sé leis na focail dubhairt an bhean agus do dhein sé fear dhe féín áirís. Deirtear go raibh gruaidh dhubh ar a cheann sar ar chuaidh sé amach, agus do bhí sé chómh bán lé sneachta nuair a tháinig sé thar nais.
    Tomás Ó Conaill An 28mhadh lá de Aibreán
    Baile Atha h-Ubla. Aois 12 bl 9 mí
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.