Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)

Suíomh:
Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dáithí Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 340

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Leathanach 340
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl luibh ná leigheas in agaidh in bháis
    Marbh le té agus marbh gan é
    Níl aon teintean mar do theintean féin
    Bíonn ceann dubh ar gach maidin Earraigh
    An rud na baineann leat scaoil tart
    Ní bhíonn aon tread caorac gan caora dhubh
    An rud a scribhann an púca léigheann sé féin é
    Is fearr an t-sláinte ná an táinte

    Seachan an droch duine agus ní baoghal duit and duine macánta

    Níor brís fochal maith fiachal riamh
    Ní dheanfadh an saoghal capall ráis d'asal
    Is olc an gaoth na séideann do dhuine éiginn
    Is cuma nó muc duine gan seift ná gan chleas
    Ag cainnt leis an gcapall agus an capall in a chodhladh
    Is minic a bíonn fear maith i sean bhríste
    Beidh gnó ag an mbó da h-earrball fós
    Blais an biadh agus tiochfaidh dúil agat ann
    Níor dhein d'obair aon díoghbhail riamh
    Ní luath an frígh na máthair an (?)
    Mar maithe leis féin deineann an chat cronán
    Leasú seacht mblian brucht maith sneachtaidh
    Ní deanfadh an saoghal cú de mhada ruadh
    Is maith an t-annlan an t-ocras
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Próinséas Ó Cuagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Baile na Rátha, Co. Chorcaí