Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)
- Suíomh:
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dáithí Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíonn Oidhche Samhna againn an oidhche deireannac de Dheireadh Fóghmhair. Bíonn a lán spórt ins gach tigh an oidhche sin. Bíonn suipéar mór ins gach tigh an oidhche sin leis. Bíonn bairighin breac ins a chómairs agus núair a géarrtar é ní bhíonn fonn ithte orsta act fónn cuardhaigh, bíonn alán rudaí insan mbairighin breac: fáinne, píosa cipín, píosa ceirt, agus píosa trí pinngín. An duine a gheobhaidh an fhainne is é is luatha pósfar, an duine a gheobhaidh an cipín is é is luatha a gheobhaidh bás, má’s cailín a gheobhaidh an ceirt pósfaidh sí táilliúr, agus an duine a gheobhaidh an píosa trí pingin beidh sé saidhbhir.
Bhíonn spórt eile ag na daoine leis. Cuirtear trí báiriní ar an mbórd, cré i gceann amaín, uisge i gceann eile agus airgead insan gceann eile. Annsan cuirtear puicín ar dhuine. Má chuireann sé a lámh san uisge raghadh sé thar sáile go luath, má chuireann sé a lámh ar an airgead is é is luatha a bheidh saidhbhir agus má chuireann sé a lámh san gcré is é is luatha a caillfear. Cuirtear ubhall ar chrochadh as an síneál, leis, agus léimeann gac daoine cun breith ar an ubhall len a bhéul. Cuireann dhá cnó(leanann ar an chéad leathanach eile)