Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)
- Suíomh:
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dáithí Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit ar an dtaobh theas de'n sraid baile agus sé an ainm atá air, na Cill Mór. Tá claidhe ciorcalach ann, agus tá timceall acra talmhan istig ann. Tá sé suidhte ar barr chuic i mBaile-Mic-Labhrais timcheall mile o'n Abha Mhóir. Níl aon fothraca ann anois ach an claidhe agus póll in a lár. Tá sean reilg istig ann, agus fadó cuirtí leanbaí a fuair bás gan baisteadh.Tá seómra beag fe'n dtalamh. Deirtear go bfuil tollán mór ag dul o'n seomra go dtí reilg Cill-Atha. Timcheall triochadh blian ó shin d'oscailuigheadh é agus fuaireadh amac go raibh tollán eile ag dul go dtí líos in aice tighe Mic Ui Mathgamna. Níl síad cinnte i dtaobh an tollán eile ach deirtear go bhfuil sé ag dul go dtí Cill-Átha.
* * *
Do bhí fear na cómhnaidhe i gCill an Mhuillin agus do fuair a dhriothair bás thall i Sasana. Do cuireadh an corp go dtí Corcaigh agus do cuaidh a muinntear na chomhair; do cuireadar e i gCill Mór. An t-am san bhí an dlighe deanta gan aon córp do cuir ann, ach leanbaí a fuair bás gan baisteadh. An oidhche seo do bhí taidhreamh ag an bfear agus insan taidreamh thainig solas cuige agus do leabhair sé leis dul go dtí an áit agus an corp do fhághail chun é do chuir insan reilg ceart. Do bhí an reilg ceart i Móin Ainimne. Dubhairt an fear leis an solas nach raibh eolas aige ar an mbóthar go dtí Cill Mór mar do bhí sé tinn an lá a cuireadh a dhriothair. Dubhairt an solas leis go ragadh asé in aonfacht leis cun na h-áite do taisbeáint(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Lombárd
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Bloomfield Cross Roads, Co. Chorcaí