Scoil: Ráth Chormaic (C.) (uimhir rolla 1878)
- Suíomh:
- Ráth Chormaic, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máiréad Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráth Chormaic (C.)
- XML Leathanach 402
- XML “Ráth Chormaic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)3) Mágh - LÁNsín machaire breagh réidh 'na bhfuil feirmeacha móra le feiscint, agus talamh breágh réidh torthamhail ins gach ceann aca. Tá sí suidhte ar phórt na Brighde agus ar an dtaobh thiar de tá abha na mBothán.
4) CÚL - na - CILLEBaile beag seadh í suidhte ar chúl an t-séipéil
5) CNOC - na - mBUAILEBíonn ba bainne go flúirseach san áit seo agus tá talamh maith feárach ann.
6) LOCH - an - PHRÉACHÁINTá loch mór le feiscint ann agus deineann sgata phrécán a neadracha ann gach bhliadhain ar na crannaibh 'na timcheall.
7) TOBAR - na - ÉAGBhí tobar mór ann fad ó agus bhí uisce comh fuar le sneachta le fagháil ann ach anois níl sé ann in aon chor. Áit sléibhteach 'seadh í ar chúl-na-cille.
8) GARRDA - an - CHEÓILBhí lucht cheóil ann fad ó bhhíodar an-tugtha do cheol agus bhiodar abalta gach úirlis cheóil do sheinnt.
9) GAORTHADHÁit 'na bhfuil coillte go leor le feiscint agus tá abha ag rith treasna na h-áite agus tá duilleóga go tuigh ar na crannaibh. Tá sean-roilig ann ar a dtugtar Sean-Choill.(leanann ar an chéad leathanach eile)