Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Leighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glashaboy
- XML Leathanach 552
- XML “Ár dTiarna agus an Deargadaol”
- XML “An Damhan Alla agus Íosa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhí na h-iudaigh ar thóir Íosa. Bhí sé ag gabhail thar dhaoine a bhí ag cur arbhair i bpáirc. Dubhairt sé leó dá bhfiafruigheadh na saighdiuirí díobtha cathain ar ghabha sé thairis a rádh gur ghabh sé thairis nuair a bhíodar ag cur an t-síl.
Lá'r na máireach bhí na fir airís ins an bpáirc ag baint an arbhair, mar d'fhás agus d'aibigh sé ar feadh na h-oidhche. Tháinic na h-iudaigh an t-slighe agus d'fhiafruighdear des na fearaibh an bhfeacadar Iosa ag gabhail na slíghe. Dubhairt na fir gur chuaidh sé an t-slighe nuair a bhíodar ag cur n t-síl. Tháinic iongnadh ar na h-iudaigh mar cheapadar gur chuaidh sé thairis le deidheanaighe. Bhíodar chun imtheacht ach chuir an Dearg Daol a ceann amach agus ar seisean, "Indé", "Indé". Ó shoin i leith is ainmhidhe malluighthe an dearg daol. Nuair a castar ceann ort ar an mbóthar is ceart é shathailt le cois agus a rádh: "mo sheacht bpeacaí ort a dearg daol mhór granna.- Bailitheoir
- Liam Ó Leighinn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Lean Iosa ar aghaidh agus do chuaidh isteach i dtigh nach raibh aon áitreabhaigh ann agus do sheas sé i gcoirnéal dorca. Thainic an dubhán fhalla agus do shníomh sé sganán taobh amuigh dhe. Tháinic na(leanann ar an chéad leathanach eile)