Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Leighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glashaboy
- XML Leathanach 561
- XML “Scéalta”
- XML “Scéalta - An Capall ná Raghadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéalta
“Do cheannaigh beirt fear ó "log"...”
Do cheannuigh beirt fear ó "Log" aiteann i "Ráth an Doiteáin" in aice leis an lios atá ann. Do chuaidh an bheirt lá chun an aiteann do thabhairt abhaile. Do chuaidh duine des na fearaibh isteach i dtigh i gcóir lasáin. D'fhan an fear eile ag gabhail do'n aiteann. Níor tháinic an fear eile cuige airis. Deireann na daoine gurb' amhlaidh a chuaidh sé ag féacaint ar an lios agus gur thóg na sídheóga isteach ann é. Do Chuaidh na daoine ar a lorg ach ní bhfuaradar go deó é.- Do bhí fear ag teacht abhaile ó Corcaigh oidhche agus do bhí sé in aice le na thig nuair a stop an capall. Is amhlaidh do bhí breis meadhcainte t'réis teacht sa trucaill agus cé go raibh an capall ag déanamh a dhithcheall ní raibh sé ábhalta é do chorruighe. Do thosnuig sé ar an gcapall do bualadh. Do bhris an capall na slabhraí agus do shocruigh an fear airís iad.
T'réis tamaill do thosnuig an capall ag dul ar aghaidh airís ach bhí sé fliuch báidte le allus. Do chuadar abhaile. Chuaidh an fear go dtí a leaba agus Cúpla lá in a dhiaidh sin fuair sé bás. An lá céadna do fuair na daoine an capall marbh ins an stábla. Deirtear gurb 'iad na mairbh a bhuail leis.- Bailitheoir
- Liam Ó Leighinn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)