Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Leighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- CROSANNA NAOMH BRIGHDEDeintí na Crosanna as tuighe nó as luacair Oidhche lá Fhéíle Brighde. Cuirtear isteac sa dion tuighe iad. Sé an fáth go ndeantar é seo nó an tigh do shaoradh ó olc ar feadh na bliana. Tá sgéal ann ar connus ar t hosnuig an nós.
Bhí Naomh Brighid oidhche amháín agus a comráidí ag taisteal trí Mhuigheó agus chuadar ar seachrán. Do thugadar fé ndeara solus beag ag lonnradh i bhfad uathu agus thugadar aghaidh air. Bhí sé ag teacht ó thigh bheag 'na raibh sean-bheirt 'na gcómhnuí. Nuair a chuadar isteac fiosruighdear mar gheall ar a n-aistear agus fuaradar gac eolas a bhí de dhíth ortha ó'n sean-fhear. Thug sé cuireadh dí teacht isteac agus deoch bainne do bhlaiseadh. Do thoilig sí do sin. Thug an sean-bhean an bainne di. Do chrom Brighid sios agus do phioc suas brobh luachra ó'n dtalamh agus dhein comartha na croise ós cionn an bainne agus d'ól é. D'fhiafruigh an Sean-fhear dí cad iad na cómharthaí a dhein sí ós cionn an bhainne agus cé'n fáth gur dhein si iad. Dubhairt ise gurbh' amhlaidh a bhí nimh sa bhainne agus gurbh 'n an fáth gur dhein sí cómhartha na croise ós a cionn. Dubhairt an sean-fhear nárbh' amhlaidh a bhí ac do caith an Sean-Bhean i feín ar a glúnaibh ós cómhair Bríghde agus d'iarr maitheamnachas ar an naomh. D'fhiafruigh Brighid dí cé'n fáth gur dhein sí a leithéid agus dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Leighinn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)