Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Caitlín Ní Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Choitín (C.)
- XML Leathanach 097
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann na feirmeóirí go léir prátaí ar an bhfeirm, gach bhlían. Síad na fir a ullmhuigheann an talamh ina gcóir. Cuirtear leasú ar an dtalamh roimhré acht dá mbeadh piastí ins an dtalamh is aoileach a cuirtear air. Feamnach agus leasú ó mhacha na feirme a cuirtear ar an dtalamh de gnáth acht uaireannta cuirtear "guano" ar an dtalamh.Is i ndrilleanna a cuirtear síol na bprátaí. Le céachta a deintear na drilleanna. Usáideadh ceáchtaí d'adhmaid roinnt blian ó shoin. Ní úsáidtear anois íad mar tá ceáctaí iarainn acu. Ní deintear na rámhainní im cheanntair acht ceannuíghtear i gCorcaig iad. Gearrtar na síol praí agus deintear sciolláin diobh. Ní folair súíl abheith i ngach sciollán. Núair abhíonn síad ag cur na bprátaí bíonn buicéid in a láimh clé agus bíonn síad ag cur na síol le na lamha dheas.(leanann ar an chéad leathanach eile)