Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Caitlín Ní Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na h-ainmhidhthe feirme atá againn sa bhaile ná muca, caoire, gamhna, gabhair,ba, capaill, lacain, geanna agus cearca. Is mar seo a glaoidhtear ar na h-ainmhidhthe agus na h-eanlaithe chun bidh, "tioc, tioc" do chearcaibh " habha habha" do bhuaibh "hurais hurais" do mhucaibh "suc suc" do gamhna "hewp hewp" do capallaibh "fini fini" do lacanaibh. Cuirtear tuighe féar agus tuir aitinn mar easair fé na buaibh.
Cuirtear cros naomh Brighde, Pailm beannuighthe, agus uaireannta cuirtear foghair Croise ar na ractaí cun rath do chur ar an stoc. Ceangluightear na ba agus na gamhna le buaraca. Deintear na buaraca de teidreaca a ceannuightear sa bhaile seo. Cuirtear marc de pheann luaidhe corcar ar na uibheaca gur cun iad mharcáil.
Tugtar "glugar" ar na h-uibheaca a bhíonn dreoighte agus tugtar "bogán" ar na h-uibheaca a beirtear gan plaosg. Níor cualas riamh gur bfhéidir le capaill rudaí do-fheisce d'fheiscint. Tá duine I mBailecoitin go bhfuil orthaí aici cun caiple do leigeas.(leanann ar an chéad leathanach eile)