Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Caitlín Ní Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maithe in a mbíonn na h-éisc agus mareálann siad iad leis an dtalam. Téigheann tiúir fear amac i ngac mbád agus roinneadar an airgead mar seo: leath den airgid do'n duine i gceann an mbad agus geibeann an beirt an cuid eile. Nuair a bhíonn siad ag dul amac tógann siad slat iascaig, dubhán, lionta, agus boighthe leo, agus usaideann siad iad nuair a bíonn siad ag iascaireacht amac ins an bfairrge. Usáideann siad cuilleóga, piásta agus piosa iasc cun boighthe. Bíonn potaí gleamdhe agus cuid des na h-iascairí agus téigheann siad amac ag iascaireacht léo agus is mór an meidh airgid a geibeann siad nuair a díolann siad na gleamaig. Ní maith leis na iascairí bean ruad dfeiscint nuair a bionn siad ag dul ag iascaireacht mar creideann siad go mbeadh mí-ádh orta i rith an lá.
Ní mór leis na iascairí ceadúnaisí d'fagáil cun abeith ag iascaireacht cun bradáin [?]an ait sin agus dá mbeidís ag iascaireacht cun bradáin gan an ceadúnas san cuireadh fidcál orta, agus níl ceart acu abeith ag iascaireacth cun breadán act ins an h-Earrac.