Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 081
- XML “Aisling Bheag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mícheál Chormac do cheapTamal gearr roim Nodlaig, bliain áirithe bhí Mícheál Chormaic ag obair i bpáirc go raibh lios ann. Le tuitim na h-oidhche tháinig tuirse air gur shín sé é féin fé scáth claidhe an leasa. Thuit a chodla air. Nuair dhúisig sé bhí lúramh na ré ann go solusmhar gléigeal. Chonaic sé chuige an ghasra agus ainm airm acu agus iad ag spréacharnaig fé sholus na gealaighe. Na spailpíní fánacha ag teacht abhaile igcóir na Nodlag tréis bheith thíos amach - is iad do bhí ann. Leog Mícheál air gur b'aisling a chonaic sé, agus do cheap sé an t-amhrán so dá bhárr. Conchubhar O Confhaolaidh ( O Conghaile ) ó Chúl na gCorrón d'aithris dom é. Athair an Chonchubair sin a bhí 'na theactha Dála i gcóír an cheanntair seo trath. Beannacht Dé le h-anam Chonchubhair. Bhí a lán aige. Scríos síos mórán de "Thuilleamh na hÉireann uaidh. Dubhairt se liom go raibh a athair gan bheith ar foghnamh sar a bhfuair sé bás, agus bhí sé féin na suidhe ag tabhairt aire dho ar feadh coidhcighise sar a dtáinig an bás air, agus gur mhúin an sean duine Tuilleamh na hÉireann do le línn na tréimhse sin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Cuileanáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Conchubhar Ó Confhadlaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúil na nGarrán, Co. Chorcaí