Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 120
- XML “An Roth Tosaigh Abú”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dálta a lán bailte eile i n-Éirinn fadó, ní raibh muíntear Dhún na Séad gan a n-amadán féin bheith 'na measc. Sé an ainm a bhi air ná Páidín. Bhíodh lucht a áitribh ag séide fé agus ag déanamh seoidh de i gcomhnuidhe.Aon lá amháin chuir fear ar teachtaireacht é. B'é rúd do h-iarradh air a dhéanamh ná dul go Corcaig chun luacht feoirlinge de shnáthaidí a cheannach. Bhí bóthar ó Dhún na Séad go Corcaig an uair sin go mbiodh na cóistí ag gluaisteacht air. (Cóistí Bhadhancoiní is dócha M Ó'C). Agus dálta an scéil bíodh roth tosaig an chóiste níos lugha ná an roth deirigh.Pé ar domhan é, nuair a chonnaic Páidín an cóiste ag gabháil thar Brághaid, ní dheighidh sé in áirde air in ao' chor, ach b shiúd leis 'na dhiaidh ar cosanáirde."Nach mór an iongna," arsa Páidín leis féin go bhfuil an roth beag tosaig ag buadhachtaint ar an mbeithidheach de roth mhór dheirig. Seadh! Buadhfaidh an roth deirigh! ( ? tosaig) An roth tosaig abú! Coinnibh suas é! Is mór an náire dhuit a roth mhóir deirig! Beidh an lá ag an roth tosaig! An roth tosaig abu!!(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Conchubhar Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún na Séad, Co. Chorcaí