Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)
- Suíomh:
- Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Chaisleáin
- XML Leathanach 506
- XML “Baile an Chaisleán”
- XML “Baile an Gharda”
- XML “Baile Bhile Eoghain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhá chéad bhladhan ó shin. Doigheadh é dhá uair. Uair acu
do dhóigh na Carrthaigh féin e chun é do choimead as
lámhaibh na Sacsan. In aice na háite seo tá lios
mór. Leagtar é beagán agus sa chómharsanacht
is cóngaracht dhá mhíle tá 14 liosa. Cuid aca leagta
nú leathleagtha agus an chuid is mó díobh go hiomlán nách
mar fós. Ní fhaca in áit níos mo liosa i dteannta
a cheile fiu amháin i dteamhair agus do réir mo thuairme
bhí Rí Cineal Laoighaire in a chóinnuidhe sa cheanntar
so fadó. Tugtar Cuilleanach ar chuid de’n bhaile agus
tá ciall leis an ainm mar fásann cuilleann go
tiugh ann. Ní’l sa tsráid anois acht timcheall
15 tighthe.
< n.b. Tá bealoideas ag baint leis an tsráid
seo. B’fheidir go scríbhfinn síos mar gheall air i ndeireadh an leabhair
seo. - Baile an Ghárda : - ar an dtaobh thuaidh de baile a’caisleáin
atá an baile talmhan so. Ghabheann a ainm ó ghárda
saighdúirí a bhí ann seal ag déineamh faire ar an
mbóthar ag dul ó bhaile chaisleáin go dtí Mágh Cromdha.
Ní fios cad e an t-ainm a bhí ar an mbaile talmhan
so fad ó. Tá dhá lios ann, ceann aca leagtha. - Tá an t-ainm pearsanta Eoghan go coiteann sa cheanntar so. Tá Cill-Eóghan in aice le droichead na Bandan, Sleabh Eógan in aice leis an gcaipin timcheall cúig míle ó thuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)