Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)
- Suíomh:
- Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Chaisleáin
- XML Leathanach 508
- XML “Beann Gabhar”
- XML “Biolrach”
- XML “An Caipín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mórán liosanna gallán srl sa baile talmhain so acht n’íl aon tseanchas tabhachtach ag baint leis atá ar eolas agam.
- Biolnach - Tá dhá chuid sa baile talmhain so
Biolnach shuas agus biolnach shíos (nú uachtarach is íochtarach)
Tá biolar ag fas i sruth ann go tuigh
agus fuair sé a ainm ó biolar agus ai
lán de. Tá talamh maith réidh ann. Trí liosanna ina seasamh agus ceann leagtha. Tá dhá ghalláin tábhachta ann i bhfeirm Bean Uí Mhuirtille.
Tá bullain (cup markings) i gceann aca agus tá deallramh Cromleac uirthi. Tá sí sínte. Bhí sean chillín i bhfeirm Shéamais Uí Uallacháin agus tá béaloideas ag baint leis. Deirtear gur troideadh cath i Cill na gCrannach idir cuid d’airm an Niallaigh
d’éis briseadh Cinn tSáile agus gur cuireadh cuid de na saighdúirí i gCillín Bhiolraigh. - An Caipín – Tá an aimn ana– oireáinnach. Tá deallraimh caipín ar an mbaile talmhan. Ní baineann acht an cuid soir de leis an scoil ceanntar so. Tá lios neamhgnáthach. Tá iarsma de fhoirgeamh chloch in a luí - Ar an dtaobh thiar? de’n baile talmhan
sa tá lios – (Cáthair) Cáthair Mhágh ? tugtar uirthi agus bhí sé ana thábachtach do réir deallraimh.
Tá dhá fháinne mór timcheall uirthi agus bhí seomra(leanann ar an chéad leathanach eile)