Scoil: Baile an Chaisleáin (uimhir rolla 11303)

Suíomh:
Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Mathghamhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 509

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 509

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisleáin
  2. XML Leathanach 509
  3. XML “An Caipín”
  4. XML “Cinn Eich”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gárda bréag? ann uair déanta de chlochaibh móra leáthana míre. Tá beal oideas mar gheall ar ag baint le seanscoil an Chaipín acht toisc go mbaineann sé le scoil ceanntar oile ní thráchtfad air.
    Do réir mo thuairme troideadh Cath Magh Guilí nú Mag Gliath in aice leí. Tá eolas agam ag neartú mo bharamhla.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ceann Eich - Áit staireamhail í seo. Om ainm seo tugadh Ceann Eich (Cianna) ar an bparóiste seo fadó agus mar aon le ainmneacha eile ni’l sochair i dtaobh a tosnigthe. Deirtear go bhfuil nú go raibh carraig sa cheanntar go raibh cosoiulacht le ceann capaill innte agus tugad Ceann Eich ar an áit. Deir daoine eile agus réidhtighin féin leo gur ó Clan Taoiseach na haite sin in allódh fuair sé a ainm Cianna
    Sealbhas Cein. Tá Inis Céin ann leis ag neartuighadh leis an dtuairim sin.
    Ar aon chuma ba thabhactach an áit í. Bhí Easbuig ann uair agus sara gcúmadh na Doísís ( fairrcthe) 1152 ag Ceanannus na Midhe bhí an tEasbug neamh spleádhach. 1152 chuireadh deireadh leis an nDoíseas agus ceangaladh é le Doíseas Corcaighe.
    B’é ceann dos na Easbogaibh a bhí ann ná Mocolmóg Naointha a chuir ar bun an Easboglann?. i gCinn Eich 617 A.D.
    Fuair amach le deanaighe ó shean láimhscribinn gur o Aircinnich ceann des na taoisig de Chineal Laoghaire (? aois) Fuair sé a ainm.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cinn Eich, Co. Chorcaí