Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)
- Suíomh:
- Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
- Múinteoir: M. Bean Uí Dhanachair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Athea
- XML Leathanach 323
- XML “Scéal Ó Sheán Ó Conchubhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal ó Sheán Ó ConchubhairTaobh thiar dínn tá áit go dtugtar - Bínn an Easpaig.
Timpeall dhá chéad bliain o Shoinn, bhíodh Easpaig Ciarraighe ann go minic.
Tá tig mór compordach feirmeóra, le muintir Laochda i'n áirde ar an gcnoicín atá ann. Timpeall ar 1770 no mar sin, bhíodh Eoghan Ruadh Ó Suíllebháin ag obair sa comharsanacht.
Aon uair amháin do bhí stáisiún ar suibhal ag an dtig sin. Bhí an Sagart Paróiste ag éisteacht faoistine agus bhí cúigear ina suidhe ar móin a bhí ann agus ag dul chun faoisdine na nduinse a's na nduine. Bhí Eoghan Ruadh ina measc.
Cá bhuail isteach chucha ach triúr ban : daoine saibhre do bheadh iad agus nuair a chonnaic an sagart ag teacht iad, d'ordaigh sé as na fearaibh, imeachr leo agus slighe a thabhairt dos na mnaibh sin.
Bhí fearg ar na fearaibh agus ní lugha ná go raibh árd fhearg ar Eoghan Ruadh, toisc an deabhadh a bhí ortha go léir cun brostú abhaile.
Deirtear gur chúm Eoghan píosa filíochta a thaisbéanann an searbús nimhneach a gháinig air.