Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)

Suíomh:
Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
Múinteoir:
M. Bean Uí Dhanachair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 327

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0485, Leathanach 327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Athea
  2. XML Leathanach 327
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bliain ag aonach Croma. Is mó chara a casfaí ar Mhícheál na Laetha san. Duine díobh san do beadh Liam Dall Ó'Hifirnáin.
    Nuair do bhí Mícheál i luimneac lá ar obair an ridire do bhuail sé le Liam sa t-sráid agus do bhí an-sheanchus acu sa tig-an-tábhairne.
    Do bhí Liam ag maoideamh ar a ghliocas go dtéigheadh sé timpeall na Mumhan agus gan radharc na súl aige. Níor chreid Micheál ar fad an uile rud a dubhairt sé ach do chuir Liam geall leis go ndeanfadh sé amach pubal Seán Uí Tuama ar Aonach Croma so cúcha gan aon treorú ó aoinne.
    Abair ná raibh Micheál déanach an lá san agus níor bhfada go bhfeacha sé féin agus file eile Liam Dall ag teacht. Ba ghnáthac le lucht díolta an óil agus loín an t-am san a bpubail do thógaint u líne dhírigh i bpáirc an Aonaigh, maide ne seasamh ar aghaidh gach pubail amach agus bratach ar an maide.
    Nuair a shrios Liam páirc an aonaig bhí sé ag ciorcalú timpeall go dtí gur bhuail sé maide pubail agus dubhairt sé ós árd " Is bachallach glas an gas é seo ós comhair do thighe."
    Ní bhfuair sé aon freagra ó ná raibh istigh. Ar agaidh leis gur thánaigh sé ar maide eile, agus dubhairt sé an leath-rann céadna. Sé an freagra a fuair sé ná comhairle chun imtheacht leis. Mar sin do go dtí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge