Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)
- Suíomh:
- Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
- Múinteoir: M. Bean Uí Dhanachair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Athea
- XML Leathanach 344
- XML “Dán a Fuaireadh in 1922”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 344
Dán a Fuaireadh in 1922
Do dhein an t-athair Conchubhair Ó Suilleabháin SQ ath-sgrí ar láimh sgríbhinnIns an mbliain 1922 bhí Éire fé bhráca an choghadh agus sgath na heagla ar na daoine go léir. Do cuireadh a lán des na tighthe móra trí theine agus bhí eagla ar na dtighearna Monteagle go ndeanfai a leichéid ar an árus leis ag Mont Trenchard ag Fainnig.
D'iarr sé ar an Athair de Bhál idir leabhair agus paipéirí leis do sabháil i n-am.
Imeasc na lámh sgríbhiní a bhí ann fuair an sagart an dán seo ó pheann an t-sagairt óg a bhí i Rathcaola cead blian ó shion.
Ins an am san do bhí ministéir in Cascéitinn agus a dhícheal á dheanamh aige a d'iarraidh Protustúnaig a dheanamh de muintir Ceanri.
Gubans a b'ainm dó agus do glaodhadh sé ar na daoine a mheall se chuige The New Lights na daoine Céadna
"Who sold their sowls for penny rowls
For soup and hairy bacon"
Pé in Éirinn é do chúm an t-athair Liam Mac Gearailt an dán seo agus do thug sé cóip de do Smith O Brien a choiméad é.(leanann ar an chéad leathanach eile)