Scoil: Athea (uimhir rolla 15686)
- Suíomh:
- Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh
- Múinteoir: M. Bean Uí Dhanachair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Athea
- XML Leathanach 353
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mo gáire a leanadh na sceulta greannmhara dhá n-innsint ag na sean-daoine.
“Ar airighís” adearfadh Sean Ó Chonchubhair, “Cad dubhairt an fhear siúbhal leis an sagart, i Mainistir na Féile?”
Bhuel, bhí an t-athair Ó Cathasaig ‘na sheashamh ag an geata an t-séipeíl roimh an Aifreann agus na pinginí a gcaitheamh isteach sa bhosca os a chomhair amach. Thánaig fear, fear suibhal go dtí an teampall chun Aifreann agus do thaisbeáin an sagart an bosca dó. Cad a dhein mo thinncéar ach stad agus smuta gáire neamh-chórach do chuir air. “Dar fiadh a athair” ar seisean “Sé an t-airgead síos é riaghail na cléire. Is dócha ná fuil cead dul isteach gan costas go h-aon áit ach go h-áifreann!” Do léim an sagart chuige, ach do bhi an tinncéir imthighthe ar nós na gaoithe. Ní deirtear gur éist sé Aifreann an lá san.”—-------------------------------------------------
“Inneosaidh mé díbh” arsa Ristéard Éamoinn “cad a dubhairt Tadhg na mbóthair leis an sagart”. Bhí Tadhg beagainín simplí, ach níor duine le Dia ar fad é. An lá san do bhí mór siubhal sa t-sráid, lá Corp-Criost a bhí acu agus féasta mór é sin(leanann ar an chéad leathanach eile)