Scoil: Carrickerry (B.) (uimhir rolla 11280)
- Suíomh:
- Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Seán Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carrickerry (B.)
- XML Leathanach 397
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mheasa den sgéal ag an bhfear a scoilfeadh urcar leis- níor bhfúil leis tráithnín agus duine do mharbhú - b'e an breicfeásta do b'fearr gur ith se ríamh na an ceann d'ith sé taréis seisear fear do lámhac dó, ag Droichead na Sé Míle (Sixmilebridge).
Ní raibh cead ag aoine san áit madra so bheith aige sar ar chuireadh Cumann na Talmhan ar bun. B'éigin do gach tionóntaidhe bheith 'na fhear faire maidir leis na girrfidhthe, ac. Go minic ar maidin Dé Domhnaig b'éigin dos na tionóntaithe agus dá macaibh fásta dul i bhfolach ins na puill móna agus ins na díg agus fanamhaint ón Aifrinn nuair a chloisidís go raibh na "Poachers" san áit nó in a aice thar teorainn. Níor mhaith leo sul i gcabhair ar fhear faire oifighiúla an tígheaerna agus muna ndeinidís san núair a glaodhfaí ortha chuirfí amach ar thaobh an bhealaigh mhóir iad agus gan áit aca dul ach go Tig na mBocht.
Ní raibh Cumann na Talmhain i bhfad ar bun nuair do chruinnuig na fir óga ós na bailte talmhan mór thimceall agus madraí agus gunnaí aca. Thánadar go teora na háite seo agus do dhruideadar amach ón a chéile in aon líne amhain agus timcheall fiche slat idir gac duine aca go rabhadar scaipithe faid na h-áite ar fad. Annsán do ghlúaiseadar ar aghaidh agus níor fhágadar oiread agus girrfaidhe i nGleannsearúil. Ní raibh gádh le n-a thuille fear faire san áit na dhiaidh sin.
Ni raibh daoine na h-áite seo sásta leis na "Fair Rents" in aonchor. Deirtear ná fuaireadar cothrom na féinne ós(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig O Néill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Gleann Searúill, Co. Luimnigh