Scoil: Carrickerry, Árd-achadh (uimhir rolla 11281)
- Suíomh:
- Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Caitlín, Bean Uí Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carrickerry, Árd-achadh
- XML Leathanach 456
- XML “Sean-Nós an Cheantair seo a Bhaineann le hOíche Bhealtaine”
- XML “Sean-Nós a Bhaineann le hOíche Eoin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche Bhealtaine téigheann an fheirmeór amac agus crúsca uisce coisreacain 'na láimh aige. Crochann sé an t-uisge coiscreacain ar gach pháirc, ar an gáirdín, ar cróithe na mbó, na muc, na ngamhna, an stábla, ar cróite na gcearc agus na ngéana agus ar aon tigh eile a bhaineann le clós na feirme. Deintear é sin cun iad a cosaint ar na sidheóga agus cun beannact a cur ar gac rud i gcóir na blíadhna. Deirtear go dtéigheann na sideóga timcheall na dúthaighe Oidhche Bealtaine agus muna gcrochtar uisge coisreacain ar an cróite go leigfhead siad do gac ainmidhe a bhíonn istigh ionnta teacht amach timcheall na h-áite.
- Bailitheoir
- Máighréad Ní Aodha
- Inscne
- Baineann
- Bíonn an-spórt is síamsa ag na búachaillí Oidhche Eóin - Meitheamh 23adh mar deineann síád teine mhor chnámh. Ritheann siad mor thimcheall na teine agus tríd an deatach féachaint cé is fuide d'feadhfadh é d'fulang. Deintear an teine sin chun onóir do thabhairt do Naomh Eóin. Is ar na cros-bóithre nó ar chnoc is minice a deintear na teinte san de gnát.