Scoil: Carrickerry, Árd-achadh (uimhir rolla 11281)
- Suíomh:
- Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Caitlín, Bean Uí Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carrickerry, Árd-achadh
- XML Leathanach 493
- XML “Townlands”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gleannsearmhail
Fadó bhí tíghearna talmhan i nGleann-searmail agus bhí ubhall-gort aige. Lá amhain cuaidh beirt buacaillí isteac san ubhall-gort. Rug an tighearna ortha agus thug sé leasadh dóibh. Thugadar gach seanmheallacht air i dtreo is nár eirig na h-ubhla aibidh, feasta agus go mbeadh sías géar i gcomhnuidhe agus do thárlaidh. Sin é an fath go dtugtar an ainm sin ar an gceanntar.Cnoc An Fíor Uisce
Sin ceanntar atá ar an dtaobh thiar de Co. Luimnighe. Tá chnoc breagh árd ann agus uisce geal ag rith síos uaithí. Sin é an chuis go dtugtar Chnoch an Fíor Uisce uirthí.Gleann-Eas-Dáir
Tá eas ag leimrigh thar áill árd i nGleann-Eas-Dáir agus sníoghann sé soir isteach san Dair. Is ón abha agus an eas san a fuair an áit sin a h-ainm.Gleann Doimhin
Tugadh an ainm san air mar gheall go bfuil ana doimhin le'n aice.(leanann ar an chéad leathanach eile)