Scoil: Carrickerry, Árd-achadh (uimhir rolla 11281)
- Suíomh:
- Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Caitlín, Bean Uí Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is i rith na hInide is coitchian a phósann daoine na h-áite seo. Nuair a bhíonn an pósadh thart glúaiseann an beirt núa-phósta agus a cáirde go tig na mnácéile. Téigheann sgata búacaillí na coinnibh agus téad aca. Cuireann síad an téad treasna an bhóthair agus ní leigeann síad dóibh dul thart gan airgead a thabhairt dóibh.
caitheann an lanamha agus a cáirde an lá ag fleadh agus ag féasta agus ag rinnce. Déantar císte mór milis roimh ré i gcóir an fheachta. Núair a bíonn gac aoinne suidhte ag an mbórd geárrann an bhrideóg an císte. Tugann sí stráca de do gac duine.
Ní ithtear an stráca go léir amhthac-comeádtar cuid de cun é do cur fá na gcinn agus íad na gcodhladh. Deirtear go bhfeic-tear an céile a bhíonn i ndán dóibh 'na dtaidhreamhaibh núair a bhíonn an píosa ciste bhrídeóige fé 'na gcinn.
Núiar a bíonn coimheascar laé is oidhche ann agus núiar a bhíonn an bhúadh ag an oidhche tagann na géamairí - fir agus aighthe-fidil ortha agus éadaighe éagsamhla - agus bíonn síad ag rinnce agus ag seinm ceóil agus geibheann síad gac nua-bídh agus gach sean-dighe ó'n mbrighideóig agus a gaolta.
Bíonn an spórt ar siubhal go dtí maidin uaireanta - na géamairí ag teacht agus ag imteacht i rith an ama go léir.
Sé nós a bhí ag na daoine fadó ná stoc agus earraí do thabhairt mar spré do'n cailín agus tugadís díallait do'n bhfear núa-phósta leis. Airgead is coit-chianta a tugtar mar spré anois agus ní tugtar stoc no earraí ach go h-annamh.- Bailitheoir
- Máighréad Ní Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh