Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)
- Suíomh:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Ar bhóthar Luimnigh do theangmhuig an bás orm.”
(I)Ar bhóthar Luimnigh do theangmhuig an bás orm,
An fathach grándha is a dhrom le claidhe,
Do dhruid sé anonn liom agus do rug ar láimh orm
Is d'fhiafruigh de Sheán bhocht connus do bhíos.
(II)Tuirseach cráidhte do bhíos-sa an lá sin,
Is dhá chéad mála bhí ar aghaidh mo chroidhe,
Do chroitheas lámh leis is as go bráth liom,
Is ní fhecas an bás san go deo arís.
ó Maíre Ní Laochdha, Brosnadh
A O'L- Faisnéiseoir
- Máire Ní Laochdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Brosnach Thoir, Co. Chiarraí