Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)
- Suíomh:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do rugadh Naomh Íde - Grian gheal bhán Mumhan mar a deirtear sa tsean-leabhar i gCo Phortláirge ins an áit ar a dtugtar Ros-mo-Íde indin timceall na bliana 470 agus de shliocht uasal Fheidhlim Reachtmhar abeadh í. Sé ainm a bhí uirthi i dtosach a saoghail ná Dorotcha ach do h-aistrigeadh an ainm sin toisg an dúil a bhí aice i rudaí neamh-shaoghalta. Nuair a bhí sí an-óg bhí gach aoinne ag tracht ar a maithe agus ar a maiseamhlacht agus deirtear gur dhein sí trosgadh agus í fé bhun seacht mbliadhan. Chaith sí tosach a h-óige i dtig a h-athar agus dubhairt seisean nuair a bhí sí fiche bliain d'aois go raibh uirthi taoiseach a bhí i na chomhnuidhe i ngar dóibh a phosadh. Níor dhein sí rud air agus sé an rud a dubhairt sí ná gurbh fhearr léi bheith 'na bhean-riaghalta ná bheith na bainrioghan ós cionn na tíre ó Beann Gabhar go Carn Uí Néid. Níor thaithin sin le n-a h-athair ach do chuir Íde a máthair agus a cáirde cuige bhíodar ag taithint air a slighe féin a thabhairt dí. Ba beag an mhaith dóibh san. Níor dein sé rud ortha. Annsan do dein(leanann ar an chéad leathanach eile)