Scoil: Dún Drongáin (B.) (uimhir rolla 7231)
- Suíomh:
- Drongán, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoirí: Diarmuid Ó Gormáin Labhrás Ó Gormáín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0557, Leathanach 131](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0557%2FCBES_0557_131.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0557, Leathanach 131
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Drongáin (B.)
- XML Leathanach 131
- XML “An Áit Seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dún Drangáin an ainm ar an áit seo. Sráid bhaile í. Deirtear insan t-sean aimsir bhí morán tor ag fás ar thaoibh an chnuic ó dheas d'en bhaile seo. Droighin a bhfurmór a bhí ag fás ann agus ó's rud é cuirtear droighean uirrthi. I rith na mbliadhan tháinig bean gur a b'ainm di "Buitléir" agus d'árduigh sí caisleán ar an dtaobh shoir d'en áit. Tugtar Dún Droighin ( Dún Drangáin) uirrthi ó shoin.
An DroicheadRitheann abha bheag ag bun an chnuic ar a raibh an caisleán agus trasna an bhóthair ó Dhún Drangain soir go Muillean na h-Uaghan ní raibh droichead thar an t-srutháin an t-am sin. Do thárla go raibh socrad ag teacht go dtí an roilg annso agus do b'éigean dos na fearaibh a bhí ag iomchar an comhra siubhal tré na h-abhann. Bhí an abha i n-a tuilllte móra tar éis fearthanna móire agus do scuab an t-uisge iad agus an comhra síos an abha. Bhí an bhean seo ag féachaint orrtha agus d'éirigh léi droichead d'ardughadh thar an t-srutháin. Tá cloc mhór insan bhfalla de'n droichead agus uirrthi is scriobhta an stair d'e(leanann ar an chéad leathanach eile)