Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cad na taobh go gcuirtear na sluasaid i bhfuirm croise tar éis do líonadh.
Tá nós imeasg na ndaoine na sluasaid do chur ibhfuirm croise tar éis uaig do líonadh. Seo é an sgéal atá imbéal na Sean-daoine faoi.
Deirtear go raibh giolla ag Naomh Pádruig ar a dtugadh Dubhán. Adhbhair teine agus uisge d'fhághail do'n Naomh b'obair do'n ghiolla. Lá amháin thug Dubhán a thuagh leis chun crann do leagadh. Níor eirigh leis, mar bhí an tuagh maol. Do chaill an misneach air agus do shuidh sé síos. Do ghlaoidh guth air trí h-uaire in dhiaidh a chéile. Baineadh geit as. D'fhéach sé 'na thimcheall agus chonnaic é beirt fhear beaga, gruag fhada ortha, súla géara, agus iad gléast in éaduigh glas.
"Cad atá uaibh?" arsa Dubhán agus scannradh air.
"Is féidir linn cabhrughadh leat má's maith leat," arsa siad. "Tá an tuagh so agam maol," arsa Dubhán "agus ní féidir liom mo chuid oibre a dhéanamh leis."
"Tabharfaimíd tuagh nua dhuit ar aon choingiall amháin." arsa siad. "Nuair a iompuigheann Naom Pádruig chun na ndaoine le linn an Aifreann ag tabhairt a bheannachta dóibh(leanann ar an chéad leathanach eile)