Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 052](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0565%2FCBES_0565_052.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 052
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ac maidin amháin i mí Abráin thánaig Ponsonby abhaile go Cill Daltún agus bhí bean aige. B'as Béal Átha Seanaig í agus Eibhlís Folliet(?) a b'ainm dí. Nuair a chuala Winifred an sgéal sin do bhí diombáidh an domhain uirrí. Le neart diombáidhe agus brón do chaill sí a meatbhair agus níor feidir léi cuimhneamh ar aon rud ach an gúna bán a bhí aici i gcoir an pósaid. Bhíod sí le feiscint agus an gúna bán uirrí ins na gáirdiní ag gearradh geaga na sgeiche báine le siosúir.Fuair an sean fhear bás taréis tamhaill agus go gearr 'na dhiaidh sin fuaradh Winifred sínte marbh ar uaig a h-athar agus an gúna bán uirrí. Tug muinntir na h-áite "Bhean Bhan Bessborough" i gcomhnuidhe uirrí.Annsan chuir Ponsonby Bessborough ar an áit in onóir dá mhnaoi - Eiblise.
- Bailitheoir
- Peig Ní Laighin
- Inscne
- Baineann