Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na cluichí a imrighim ag fiadhach, ag truslóg, Gabanna, Poiriní, "Betchels", Muca, Geanna, "Queenie" Luscán, ag tarrac téide, Puícín, Dathanna agus Amadán na gCeitre gCuinne,
Cluichí amuigh fé'n speir
Bíonn alán cluichí á n-imirt ag na cailíní agus ag na buacaillí san Earrach amuic fé'n speir. Gach tráthnóna nuair a tagaim a bhaile ó'n scoil bíonn alan spórt againn ag truslóg. Bíonn beirt chailín ag casadh na téidhe agus na cailíní eile ag truslóg innte. Imrighthear Fiadhach san Geimhreadh comh maith. Bíonn cailín amhain ag iarraidh breit ar na cailíní eile agus bíonn siad go leir ag rit uaithe agus an cailín ar a bheireann sí a bíonn ag Fiadhach annsan.Imrighthear "Betchels" san Earrach. Deintear sé leabthacha le cailc ar an talamh. Bíonn cailín amhain ag cur cloice bige ó cearnóig go cearnóg eile. Bímíd ag imirt "Gabanna" nó "Knucks" insan Samhradh. Bíonn cúíg cloca beaga againn. Caithímid suas iad agus bímíd ag iarraidh iad do breith in ár lamhaibh. Bímíd ag imirt póiríní insan Samhrad comh maith. Deintear poll beag sa talamh agus ag caitheamh na bpoiríní isteach ann. Bíonn "Queenie" á imirt againn san Samhrad. Bíonn liatróid ag cailín amhain agus bíonn a cúl leis na cailíní eile. Caiteann sí an liatróid tar a ceann annsan iompuigeann sí timceall agus tomhasann sí an duine go bhfuil an latróid aici.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Concarraige
- Inscne
- Baineann