Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an Doctúir Creagh ' na Easbog ar Portláirge agus bí comhnuidhe air i gCarraig ó'n mbliain 1760 go dtí 1775, i dtig 'na bfuil Donnacadh Ó Drioscóil 'na chomhnuidhe anois ag an Geata Thiar. Ba chruaidh an saoghal a bí aige ó na Protustúnaigh. Sa bhliain 1766 ar an 16adh lá Márta bhí an t-Athair Mach t-Sithigh (Sheehy) daortha cun báis i gCluain Meala toisc gur thug sé cabhair do' na Caitlicig a bhí fé na chúramh i gCloicín an Mhargaidh. Ní raibh ar cumas an Easbuig focal do labhairt ar son an t-sagairt bhocht. Cuireadh 'na leith go raibh sé taobhach leis na "Buachaillí Bana". Deirtear gur lá aonaig Cluain Meala a bhí ann an lá ar crocadh an t-Athair Mach t-Sithig (Sheehy) agus ó shoin i leith lá dorcha fluich iseadh gach lá aonaigh i gCluain Meala.
Sa bliain 1848 do shocraig na h-Éireannaigh Óga éirighe amach igCarraig agus imBaile an Garrdha. Theip ortha agus fuair na cinnirí foithin ó na feirmeóirí timcheall Sliabh na mBan agus na Carraige. Imeasg na gcinnirí bhí Micéal Doheny. Bhí sé i bfolac i dtig i mBaile an Dairig ( Ballinderry ). Do thrécraig duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shuilleabháin
- Inscne
- Baineann