School: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (roll number 9250)
- Location:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Teacher: Siobhán Ní Chochláin
![The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 313](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0571%2FCBES_0571_313.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0571, Page 313
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cistí óir i bhfolach.
De réir an tsheancais tá ór i bhfolach sa tseana caisleán i gCaisleán Nua. Is é duine de clann Prendergast a chuir ann é mar fuair sé amach go raibh ropairí ag teacht chun an caisleán do réabadh. Annsan d'fhiafruigh sé de ceann da fir aimsire aire a thabhairt go deó don ór. Díreach nuair a bhí an geallamhaint tughtha aige do mharbhuigh Prendergast é. Acht mar si féin níor bhris an fhear a fhocal agus ón lá sin amach bhí a sprid ag tabhairt aire don ór. Is minic a chonnaic muinntir na h-áite seo an sprid agus é gléasta i báinín agus hata árd agus madra mór bán in-aice leis.Deirtear go bhfuil ór i dtaisce leis i Gheann Sileáin leath slighe ider Caisleán Nua agus Mellery. Oidhche amháin chuaidh beirt fear á lorgadh acht tar éis bheith ag romhar timcheall trí uaire ní fuaireadar(continues on next page)- Informant
- Seumas Ó Maolchathaigh
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann